Skip the Northern Ireland Government Bar|
Skip navigation
  • Travelwise NI - Opens in a new window
  • Roads service - www.roadsni.gov.uk - Opens in a new window
  • Download Browsealoud - Opens in a new Window
  • Download Adobe Reader - Opens in a new window
  • Get Word Viewer - This link opens in a new window

Gaeilge

Formáidí Malartacha

Eolas Inrochtana:

Tá an Roinn Forbartha Réigiúnaí tiomanta an t-eolas a chuireann sí ar fáil a dhéanamh chomh inrochtana agus is féidir dár gcuid custaiméirí.

Úsáidtear go leor teangacha eile chomh maith le Béarla i dTuaisceart Éireann ina measc teangacha dúchasacha (Gaeilge agus Albainis Uladh), mionteangacha eitneacha (mar Polainnis agus Portaingéilis) agus teanga chomharthaíochta de chuid na Breataine agus na hÉireann.

Breathnóimid ar iarratais chun príomheolas a chur ar fáil sna teangacha seo agus i dteangacha eile, agus déanfaimid ár ndícheall cabhrú leat.  Beimid in ann eolas a chur ar fáil freisin i bhformáidí eile dóibh sin a bhfuil deacrachtaí amhairc nó éisteachta acu, formáidí ar nós Braille, i bhfoirm clois nó físeáin le teanga chomharthaíocht.

Tugann Treoir na Roinne  Eolas a Dhéanamh Inrochtana (216KB) Opens in a new window PDF Document breis sonraí maidir leis na seirbhísí is féidir linn a sholáthar.

Tá foirmeacha iarratais agus bileoga eolais i nGaeilge ar fáil le breathnú agus le híoslódáil ach gliogáil anseo.

Cód Cúirtéise (52.7KB) Opens in a new window PDF Document i scríbhinn againn freisin a thugann le fios conas a dhéileálann an Roinn le Gaeilge/Albainis Uladh faoina tiomantas don Chairt Eorpach um Teangacha Réigiúnacha agus Mionteangacha.

Eolas Ginearálta:

Tá an Roinn Forbartha Réigiúnaí ar cheann de 11 ranna Rialtais i dTuaisceart na hÉireann.

I measc phríomhfheidhmeanna na Roinne tá:

  • pleanáil straitéiseach réigiúnach agus beartas forbartha;
  • straitéis iompair;
  • beartas iompair phoiblí agus feidhmíocht;
  • obair bheartais agus thacaíochta áirithe d'aerfoirt agus do chalafoirt mhara;
  • beartas maidir le seirbhísí uisce agus séarachais agus bainistíocht ar leas scairshealbhóireachta na Roinne in Uisce Thuaisceart Éireann (Northern Ireland Water); agus
  • soláthar agus cothabháil a dhéanamh ar gach bóthar poiblí.

Cliceáil ar na naisc thíos chun tuilleadh eolais agus sonraí teagmhála a fháil:

An tSeirbhís Bóithre

An Rannán Calafort agus Iompair Phoiblí

An Rannán um Beartas Uisce

An tAonad Scairshealbhóirí

An Rannán um Phleanáil Réigiúnach agus Iompar

An Láraonad Éileamh

An tAonad Comhionannais

Nós Imeachta Gearán

An tOmbudsman

Ar Ais chuig an mBarr

An tSeirbhís Bóithre  Opens in a new window Is í seo an t-aon údarás bóithre i dTuaisceart Éireann, atá freagrach as os cionn 25,000 ciliméadar de bhóithre poiblí chomh maith le thart ar 9,000 cileaméadar de chosáin, 5,800 droichead, 261,000 solas sráide agus 370 carrchlós poiblí. Is iad príomhfheidhmeanna na Seirbhíse Bóithre ná a chinntiú:

  • go nglactar bearta chun an  Straitéis Iompair Réigiúnach  Opens in a new window do Thuaisceart Éireann 2002-2012 a chur i bhfeidhm.
  • go ndéantar bainistiú, cothabháil agus forbairt ar an ngréasán bóthair phoiblí  
  • go ndéantar ár gcuid gníomhaíochtaí go léir ar bhealach atá cóir agus cothrom.

Tógann an tSeirbhís Bóithre bóithre agus déanann sí obair chothabhála orthu, agus tá sí freagrach freisin as:

  1. Soilsiú Sráide
  2. Rialú Tráchta
  3. Seirbhísí Geimhridh(Salann ar Bhóithre, Treabhadh Sneachta)
  4. Seirbhís Farantóireachta Loch Cuan
  5. Páirceáil Phoiblí
  6. Suaitheantais Pháirceála do Dhaoine faoi Mhíchumas
  7. Clasáin a Fholmhú
  8. Féar a Bhearradh Chun Línte Amhairc a Choinneáil Glan
  9. Mionfeabhsúcháin Bóithre
  10. Droichid
  11. Ualaí Neamhghnácha
  12. Freagairt ar Thuilte

Níl an tSeirbhís Bóithre freagrach as:

  • sráideanna a ghlanadh (comhairlí áitiúla)
  • oibreacha a dhéanann Cuideachtaí Fóntais
  • ceadúnais trádála sráide (comhairlí áitiúla)
  • ainmniú sráide (comhairlí áitiúla)
  • fáil réidh le carranna tréigthe (comhairlí áitiúla)
  • oideachas maidir le sábháilteacht ar bhóithre (AnRO)
  • spásanna páirceála do dhaoine faoi mhíchumas ar mhaoin phríobháideach, m.sh., ionaid siopadóireachta (úinéir talún/sealbhóir)

Ar Ais chuig an mBarr

Teagmháil:

Ceanncheathrú na Seirbhíse Bóithre
   Roads Service Headquarters
   Clarence Court
   10-18 Adelaide Street
   Belfast
   BT2 8GB

   Teileafón: (028) 9054 0540
   Facs: (028) 9054 0024
   Téacsfón: (028) 9054 0022
   Ríomhphost: roads@drdni.gov.uk Opens in a new window

Feidhmíonn an tSeirbhís Bóithre ceithre cheanncheathrú réigiúnach i dTuaisceart Éireann freisin:

Rannán Seirbhíse Bóithre an Tuaiscirt
   Roads Service Northern Division
   County Hall
   Castlerock Road
   Coleraine
   BT51 3HS

   Teileafón: (028) 7034 1300
   Facs: (028) 7034 1430
   Ríomhphost: roads.northern@drdni.gov.uk Opens in a new window

Rannán Seirbhíse Bóithre an Oirthir
   Roads Service Eastern Division
   Hydebank
   4 Hospital Road
   Belfast
   BT8 8JL

   Teileafón: (028) 9025 3000
   Facs:(028) 9025 3220
   Ríomhphost: roads.eastern@drdni.gov.uk Opens in a new window

Rannán Seirbhíse Bóithre an Deiscirt
   Roads Service Southern Division
   Marlborough House
   Central Way
   Craigavon
   BT64 1AD

   Teileafón: (028) 3834 1144
   Facs:(028) 3834 1867
   Ríomhphost: roads.southern@drdni.gov.uk Opens in a new window

Rannán Seirbhíse Bóithre an Iarthair
   Roads Service Western Division
   County Hall
   Drumragh Avenue
   Omagh
   BT79 7AF

   Teileafón: (028) 8225 4111
   Facs:(028) 8225 4010
   Ríomhphost: roads.western@drdni.gov.uk Opens in a new window

Ar Ais chuig an mBarr

Feidhmíonn sí freisin:

An Scéim um Shuaitheantas do Dhaoine faoi Mhíchumas  Opens in a new window (Suaitheantas Gorm) Cuireann sé seo scéim pháirceála ar fáil do thiománaithe i dTuaisceart Éireann a bhfuil míchumais áirithe ag dul dóibh

Teagmháil:

An Scéim um Shuaitheantas do Dhaoine faoi Mhíchumas, Cheannoifig
   Disabled Persons Badge Scheme Central Office
   Castle Barracks
   Wellington Place
   Enniskillen
   Co. Fermanagh
   BT74 7HN

   Teileafón: (028) 6634 3700
   Facs: (028) 6634 3730
   Ríomhphost: disabledpersons@drdni.gov.uk Opens in a new window

Travelwise NI  Opens in a new window Tionscnamh de chuid na Roinne Forbartha Réigiúnaí is ea Travelwise TÉ le daoine a spreagadh roghanna inmharthana taistil a úsáid ar nós: siúl, rothaíocht, iompar poiblí nó carr-roinnt.

Comaitéirí – Má thugtar rogha do dhaoine, b’fhearr leis an chuid is mó acu carr príobháideach a úsáid mar mhodh taistil. Mar sin féin, siocair go bhfuil líon na gcarranna ar na bóithre ag fás tá caighdeán an aeir á ísliú agus tá fadhbanna sláinte do-ghlactha á gcruthú; caithfear roghanna taistil eile a fhorbairt. Mura bhfuil ach aon duine amháin ag taisteal i gcarr, is modh iontach neamhéifeachtach iompair atá ann. Bheadh sé i bhfad ní b’fhearr don timpeallacht dá méadófaí líon na bpaisinéirí i ngach feithicil trí úsáid iompair phoiblí agus carr-roinnt a spreagadh.

Fostóirí – Tá níos mó frustrachais ag teacht ar chomaitéirí agus iad ag taisteal go dtí a n-ionad oibre beag beann ar an dóigh a dtaistealaíonn siad.

Maireann na turais i bhfad níos faide de bharr brú tráchta, rud a mhéadaíonn na costais do lucht gnó agus do dhaoine aonair. Nuair a chuimhnítear go bhfuil an trácht ag fás faoi 3% in aghaidh na bliana, ní féidir leis an scéal ach dul in olcas mura n-athraímid ár n-iompraíocht i dtaca le taisteal de.

Cuireann an fás ar an trácht ar na bóithre isteach go mór ar ár dtimpeallacht, ar ár sláinte agus méadaíonn sé líon na dtaismeach bóthair.

Travelwise TÉ ag iarraidh forbairt ‘Pleananna Taistil chuig Ionad Oibre’ a chur chun cinn. Díríonn Plean Taistil chuig Ionad Oibre ar shaincheisteanna taistil atá bainteach le hobair agus forbairt straitéise le cuidiú le réitigh a sholáthar.

Scoileanna – Le 20 bliain anuas mhéadaigh líon na bpáistí atá á dtiomáint chun na scoile i dTuaisceart Éireann faoi dhó (go dtí beagnach 40%) agus ghlac an ‘Turas chun na Scoile’ áit ‘Siúlóid chun na Scoile’. Tá i bhfad níos mó brú tráchta ann dá bharr go háirithe taobh amuigh de scoileanna, agus tá tionchar diúltach aige sin ar shábháilteacht ar bhóithre, ar shláinte phearsanta, ar chaighdeán an aeir agus ar an timpeallacht áitiúil.  

Tá Travelwise TÉ á sheachadadh i gcomhar leis an Roinn Oideachais, an Bhrainse um Shábháilteacht ar Bhóithre de chuid DOE, Sustrans, Gníomhaireacht Thuaisceart Éireann um Chur Chun Cinn na Sláinte agus Translink

Teagmháil:

Travelwise Northern Ireland
   Transportation and Engineering Policy Unit
   Clarence Court
   10 - 18 Adelaide Street
   Belfast
   BT2 8GB.

   Teileafón: 0845 378 0908
   Ríomhphost: info@travelwiseni.com Opens in a new window

Forfheidhmiú Páirceála  Opens in a new window Is é conraitheoir na Seirbhíse Bóithre, NCP Services Ltd (NCP) a chuireann é seo i bhfeidhm. Tá Freastalaithe Tráchta ag obair ag NCP a dhéanann patról ar shráideanna agus ar charrchlóis, agus eisíonn siad Fógraí chun Pionóis a Ghearradh ar fheithiclí a mheastar a sháraíonn rialacháin tráchta agus páirceála.

Bíonn an tSeirbhís Bóithre i mbun riaracháin ar an oibríocht forfheidhmithe, .i. gach Fógra chun Pionós a Ghearradh a phróiseáil, ag déileáil le híocaíochtaí, agus freagra a thabhairt ar achomhairc.

Má theastaíonn uait dul i dteagmháil leis an Aonad Forfheidhmithe Páirceála, beidh ort sin a dhéanamh i bhfoirm scríbhinn.

Teagmháil:

An tSeirbhís Bóithre, Forfheidhmiú Páirceála
   Roads Service Parking Enforcement Unit
   Rm 205,
   Clarence Court,
   10 - 18 Adelaide Street,
   Belfast,
   BT2 8GB.

Ar Ais chuig an mBarr

Déanann An Rannán Calafort agus Iompair Phoiblí  Opens in a new window agus An Rannán um Fheidhmíocht Iompair Phoiblí urraíocht ar an Northern Ireland Transport Holding Company. Tugann an RFR tacaíocht airgeadais agus riaracháin lena chinntiú go ndéantar beartas iompair a sheachadadh i dTuaisceart Éireann. Síneann sé seo chuig iompar poiblí a phleanáil, a sheachadadh agus a rialú i dTuaisceart Éireann. Cuireann an Rannán iompar poiblí chun cinn freisin agus soláthar seirbhísí calafoirt tríd an gcreatlach reachtúil agus rialaithe a leagan síos do chalafoirt iarnróid, aeir agus do chalafoirt mhara.

Níl an Rannán Calafort agus Iompair Phoiblí freagrach as busanna ná traenacha a riaradh ó lá go lá: tá an Northern Ireland Transport Holding Company freagrach as sin, dream a sholáthraíonn seirbhísí iompair bus agus iarnróid agus a fheidhmíonn mar Translink. Opens in a new window

Teagmháil:

An Rannán Calafort agus Iompair Phoiblí
   Department for Regional Development
   Ports and Public Transport Division
   Clarence Court
   10-18 Adelaide Street
   Belfast
   BT2 8GB

   Teileafón: (028) 9054 1128
   Facs: (028) 9089 3906
   Ríomhphost: transport.policy@drdni.gov.uk Opens in a new window

Ar Ais chuig an mBarr

Tá an Rannán um Beartas Uisce  Opens in a new window freagrach as comhairle a thabhairt don Aire maidir le cúrsaí beartais uisce agus séarachais.  Tá an Rannán freagrach freisin tríd an gCigireacht Uisce Óil as cáilíocht soláthairtí uisce óil phoiblí a rialú.

Is Cuideachta Rialtais Opens in a new window  é Northern Ireland Water  a bunaíodh i mí Aibreáin 2007, agus is í an RFR an príomh scairshealbhóir sa chuideachta. Tá sé freagrach as seirbhísí uisce agus séarachais a sholáthar i dTuaisceart Éireann.

Tá Údarás Thuaisceart Éireann um Rialú Fóntais Opens in a new window (an Rialtóir Fóntais) freagrach as rialú eacnamúil an NIW go háirithe forbairt agus cothabháil a dhéanamh ar mheicníocht Rialaithe Praghsanna. Feidhmíonn Comhairle Tomhaltóirí Thuaisceart Éireann  Opens in a new window mar ionadaí ag tomhaltóirí i gcúrsaí uisce agus séarachais agus fiosraíonn sé/sí gearáin faoi NIW. Is í Gníomhaireacht Comhshaoil na Roinne Comhshaoil an rialtóir comhshaoil atá ag NIW.

Teagmháil:

An Rannán um Beartas Uisce
   Water Policy Division
   Lancashire House
   5 Linenhall Street
   Belfast
   BT2 8AA.

   Teileafón: (028) 9054 2985
   Facs: (028) 9054 7875
   Ríomhphost: waterpolicy@drdni.gov.uk Opens in a new window

An tAonad Scairshealbhóirí  Opens in a new window Déanann an tAonad bainistiú ar leas scairshealbhóireachta na Roinne i NI Water.  Is í aidhm an Aonaid Scairshealbhóirí ná monatóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht ghnó NIW agus oibriú le Bord na Cuideachta, leis an gCathaoirleach agus leis an bPríomhfheidhmeannach ar shaincheisteanna straitéiseacha agus scairshealbhóireachta, nithe ar nós ceapacháin Boird agus luach saothair, Pleananna Gnó agus feidhmíocht NIW.

Teagmháil:

An tAonad Scairshealbhóirí
   Shareholder Unit
   Lancashire House
   5 Linenhall Street
   Belfast
   BT2 8AA

   Teileafón: (028) 9054 2990
   Fax: (028) 9054 7875
   Ríomhphost: shareholder@drdni.gov.uk Opens in a new window

Ar Ais chuig an mBarr

An Rannán um Phleanáil Réigiúnach agus Iompar  Opens in a new window

Tá an Rannóg freagrach as an Straitéis Forbartha Réigiúnaí Opens in a new window. Soláthraíonn an Straitéis peirspictíocht straitéiseach agus fadtéarmach i dtaca le forbairt Thuaisceart Éireann sa todhchaí suas go dtí 2025. Lena chois sin, tá sí freagrach as athbhreithniú a dhéanamh agus as monatóireacht agus maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na Straitéise.  

Tá an Rannóg freagrach as treoir straitéiseach cúrsaí iompair a chinntiú anseo tríd an Straitéis Iompair Réigiúnaí agus Straitéis Iompair Inrochtana a fhorbairt, a chur i bhfeidhm agus trí mhonatóireacht a dhéanamh ar gach rud. Lena chois sin, tacaíonn sí lena bhfuil á dhéanamh ag an  Roinn ó thaobh forbairt inmharthanach de.  

Teagmháil:

An Rannán um Phleanáil Réigiúnach agus Iompar
   Department for Regional Development
   Regional Planning and Transportation Division
   Clarence Court
   10-18 Adelaide Street
   Belfast
   BT2 8GB

   Teileafón: (028) 9054 0616
   Facs: (028) 9054 0604
   Ríomhphost: shapingourfuture@drdni.gov.uk Opens in a new window

Ar Ais chuig an mBarr

Tá an Láraonad Éileamh  Opens in a new window (LÉ) freagrach as gach éileamh dliteanais phoiblí agus dliteanais fostóirí a dhéantar in aghaidh na Roinne Forbartha Réigiúnaí a phróiseáil. Tá a Cheannoifig aige i Béal Feirste agus Oifig Brainse in Orchard House, Foyle Street, Doire.

Teagmháil:

An Láraonad Éileamh
   Central Claims Unit (DRD)
   5th Floor, Clarence Court
   10-18 Adelaide Street
   Belfast
   BT2 8GB

   Teileafón: (028) 9054 1110
   Facs: (028) 9054 0665
   Ríomhphost: ccubel@drdni.gov.uk Opens in a new window

An Láraonad Éileamh
   Central Claims Unit (DRD)
   Orchard House
   Foyle Street
   Derry
   BT48 6AT

   Teileafón: (028) 7131 9807
   Facs: (028) 7131 9719
   Ríomhphost: ccubel@drdni.gov.uk Opens in a new window

Ar Ais chuig an mBarr

An tAonad Comhionannais Opens in a new window Leagann Alt 75 d'Acht um Thuaisceart Éireann 1998 oibleagáid reachtúil ar Údaráis Phoiblí ár gcuid feidhmeanna ar fad a chomhlíonadh le haird chuí ar an ngá atá le comhionannas deiseanna agus dea-chaidrimh a chur chun cinn maidir le creideamh, tuairim pholaitiúil, inscne, cine, míchumas, aois, stádas pósta, cleithiúnaithe agus claonadh gnéis.

Tá an tAonad Comhionannais freagrach as an gClár Oibre Comhionannais a chur i bhfeidhm, a chuimsíonn trí réimse: Oibleagáidí Comhionannais faoi Alt 75 d'Acht um Thuaisceart Éireann 1998, an Straitéis in aghaidh na Bochtaineachta, agus an tAcht um Chearta an Duine 1998. Téann an tAonad i gcomhairle freisin leis an Earnáil Dheonach agus Phobail agus leis an bpobal i gcoitinn maidir le beartas atá ann cheana a chur i bhfeidhm agus beartas nua a chruthú, chomh fada is a bhaineann sé le comhionannas deiseanna agus dea-chaidrimh.

Teagmháil:

An tAonad Comhionannais
   Equality Unit
   Department for Regional Development
   Rm. 413C Clarence Court
   10-18 Adelaide Street
   Belfast
   BT2 8GB

   Teileafón: 028 9054 0850
   Facs: 028 9054 0064
   Téacsfón:  028 9054 0642
   Ríomhphost: equalityunit@drdni.gov.uk Opens in a new window

Ar Ais chuig an mBarr

Nós Imeachta Gearán  Opens in a new window

Nós Imeachta Gearán Neamhfhoirmiúil

Tá sé mar aidhm againn do ghearán a réiteach go tapa agus tugtar cuireadh duit é seo a mheabhrú don duine a raibh tú ag déileáil leis/léi. Mar sin féin, má tá tú fós míshásta leis an iarracht seo déileáil le do ghearán, is féidir leat tús a chur le Nósanna Imeachta Gearán Foirmiúla na Roinne.

Nósanna Imeachta Gearán Foirmiúil - Céim 1

Mar chéad chéim ba chóir duit dul i dteagmháil leis an gCeannasaí sa Lárbhrainse Bainistíochta trí labhairt leo, scríobh chucu nó an "fhoirm ghearán ar líne" a líonadh isteach, ag tabhairt sonraí iomlána an ghearáin. Sa chás go ndéanann tú gearán ó bhéal agus go bhfuil go leor sonraí ag baint leis an ngearán seo, b'fhéidir go n-iarrfaimís ort an gearán a chur i bhfoirm scríbhinn. Déanfaidh an tOifigeach seo socruithe ionas go ndéanfar fiosruithe faoi do ghearán agus beidh sé mar aidhm freagra iomlán a thabhairt i scríbhinn laistigh de 15 lá oibre ó fhaightear é. Mura féidir freagra iomlán a thabhairt laistigh den scála ama seo, cuirfear tú ar an eolas maidir leis an dul chun cinn atá á dhéanamh agus inseofar duit cathain a bheidh tú in ann a bheith ag súil le freagra iomlán.

Féadfaidh tú scríobh chuig Ceannasaí an LBB ag:

Ceannasaí an LBB
   The Head of CMB
   DRD Central Management Branch
   Room 4-13c
   Clarence Court
   10-18 Adelaide Street
   Belfast
   BT2 8GB.

   Teileafón: (028) 9054 1143
   Facs: (028) 9054 0642
   Ríomhphost: cmb@drdni.gov.uk Opens in a new window

Nósanna Imeachta Gearán Foirmiúil - Céim 2

Mura bhfuil tú sásta leis an bhfreagra a thugann Ceannasaí an Lárbhrainse Bainistíochta féadfaidh tú dul i dteagmháil le Stiúrthóir Aonad Seirbhísí Corparáideacha na Roinne, agus arís beidh ort sonraí iomlána do ghearáin a thabhairt. Déanfaidh an Stiúrthóir athbhreithniú ar do chás agus tabharfaidh sé/sí freagra laistigh de na scálaí ama mar atá leagtha amach i gCéim 1

Féadfaidh tú scríobh ag Stiúrthóir an Aonaid Seirbhísí Corparáideacha ag:

Stiúrthóir an Aonaid Seirbhísí Corparáideacha
   Director of Corporate Services Unit, DRD
   Room 417
   Clarence Court
   10-18 Adelaide Street
   Belfast
   BT2 8GB

   Teileafón: (028) 9054 1150
   Facs: (028) 9054 0642
   Ríomhphost: cmb@drdni.gov.uk Opens in a new window

I ngach cás ina ndéantar gearán déanfaidh an Roinn na nithe seo a leanas:

  • Tabharfaidh sí le fios go bhfuil do ghearán faighte aice. Eisímid litir admhála go hiondúil laistigh de 3 lá oibre ó fhaightear do ghearán;
  • Caithfimid le do ghearán ar bhealach rúnda;
  • Déanfaimid fiosrúchán cruinn;
  • Beidh sé mar aidhm againn freagra i scríbhinn a thabhairt ar do ghearán le míniú iomlán ar thoradh ár gcuid fiosruithe laistigh de 15 lá oibre agus, sa chás nach féidir é seo a dhéanamh, inseoimid duit cathain a bheidh tú in ann a bheith ag súil le freagra;
  • Gabhfaimid ár leithscéal má dhéanaimid botún nó má bhíonn fadhb agat dá mbarr;
  • Inseoimid duit cad atá déanta againn le rudaí a chur ina gceart.

Ar Ais chuig an mBarr

An tOmbudsman Opens in a new window

Ní fheidhmíonn ár Nós Imeachta Gearán in ionad an cheart atá agat gearán a dhéanamh le hOifig an Ombudsman. Ba chóir duit a thabhairt faoi deara, áfach, go mbeidh an tOmbudsman ag súil go ginearálta gur bhain tú úsáid as na céimeanna ar fad a bhaineann le Nós Imeachta Gearán inmheánach na Roinne sula nglacann sé/sí le do ghearán.

Caithfidh Feisire Parlaiminte (FP) / Ball de Thionól TÉ (MLA) do ghearán a chur ar aghaidh ar dtús chuig an Ombudsman.

Is féidir leat dul i dteagmháil leis an Ombudsman trí cheann ar bith de na bealaí seo a leanas:

An tOmbudsman
   The Ombudsman
   Freepost
   Belfast
   BT1 6HN

Teileafón: 0800 34 34 24 / (028) 9023 3821
Facs: (028) 9023 4912
Ríomhphost: ombudsman@ni-ombudsman.org.uk Opens in a new window

Cuairt a thabhairt air/uirthi (idir 9.30rn agus 4in) ag:

   The Ombudsman's Office
   33 Wellington Place
   Belfast
   BT1 6HN.

Ar Ais chuig an mBarr